Wednesday, June 16, 2004

Ag Feachaint ar na Sasanaigh i dTithe Ósta Éireannach

Bhí Des Cahill ag caint le Sasanach éigin ar a chlár raidio uafásach Sportscall De Luain seo caite, agus d'éiligh an Sasanach go mbíonn na hÉirinnigh ag ligedh gáir mholta ar gach aon foireann a n-imríonn i gcoinne foreann Shasanaigh ins an comórtas Euro 2004. Ní fhaigeann sé cothrom na féinne, dár leis an Sasanach, nuair a thagann sé chuig an teach ósta agus gach duine isteach i gcoinne David Beckham agus a ghaíscí. Cuireann an drochiompar seo imní agus eagla ar an Sasanach nuair atá cluiche Shasana ar siúl ar an teilifís ins an teach ósta.

"Éist liomsa a bhoc," arsa Des, "dá mbeadh imní agus eagla ort i dteach ósta deas inné agus tusa ag feachaint ar an gcluiche agus cúpla pionta istigh sa bholg agat, cad a mbeadh ort má bhí tú ar Crossley tender ar an mbóthar idir Maigh Cruaim agus Cil Mhicheál ar an 28ú lá Deireadh Fomhair 1920 agus Tom Barry agus Óglaigh na hÉireann ag fanacht ort?"

Ní duirt Des faic cosúil le sin, ar ndóigh. Bhí sé ag clucáil cosúil le cearc ar ghor, gurbh mhór an trua é nach dtaitníonn Wayne Rooney linn. Amadán.