Tuesday, June 08, 2004

Mallacht na Cispheile ar ár bPeil Féin

Ins an alt riatla a scríobhann sé ar leathanach deirneach na Irish Times gach Sáthairn, deireann Keith Duggan go mbeith tionchar mór ag an chispheil ar an pheil Gaelach dá dtabhartaí an seans do. Is mór an meas atá agamsa ar Duggan - ceann de na iriseoirí is fearr in Éirinn faoi lathar, dár liomsa - ach b'fhéidir gur chaith sé an-iomarca uair i Meiricéa. Mar 'sé fírinne an scéal ná go bhfuil tionchar mór ag an Chispheil inniu, ach is drochthionchar é, drochthionchar a chuirfidh brón ar an contae a úsáideann é sula mbeidh an Craobh críochnaite.

'Sé an luas an rud is tabhactach sa bpeil - luas smaoinigh, luas gluaiseachta. Ach, in ionad luas, éiríonn an imirt go mall faoi tionchar na cispheile. Nuair atá imreoir ag imirt peile, is gá dó an liathróid a úsáid go tapaidh. Go glic, gan dabht, ach go tapaidh - má fhágann sé leis an liathróid, beidh sé buailte briste nuair a schroicheann na cúlaí. Gluaiseann an liathróid i bhfad níos luaithe leis an cic ná leis an dorn - ba cheart do gach peiledeoir beir ar an liathróid, feachaint suas, agus cic mór a thabairt don liathróid comh fada agus comh cruinn mar is féidir. Dá gcaithfí an iomarca uair an liathróid a chur faoi gluaiseacht níl faic déanta ach seans thugtaí den cúlaí a bhailigh le cheile, agus luíochán a ullmhú don fear bocht faoi deireadh leis an liathróid.

Tá brón agus buartha ar an Spailpín go bhfuil galar na cispheile ar larr ina chontae féin. Rachaidh Maigh Eo i gcoinne Gaillimh ar an 27ú Meitheamh, coicís ón Domhnach seo chugainn, agus leigh mé ar an Hogan Stand gur úsáid Muigh Eo an seachad gairid chun an liathróid a thabhairt amach óna gcúl féin i gcluiche i gcoinne an Mhí tráthnóna inné. Sin galar na cispheile, agus má dheannann Muigh Eo iarracht an seafóid cheanna a úsáíd i gcoinne Gaillimh, titfidh an Seoigheach orthu cosúil leis an iolar ón sliabh ins an dán cáiliúl le Alfred, Tiarna Tennyson.

Gearr síos na líonta, agus dean cliabh don ásal dóibh. Níl maith eile leo.