Thursday, March 10, 2005

Is Ait an Mac É an Laoch

Léirigh Laochra Gael ar Seán Purcell an oíche seo caite ar TG4, agus ní haon ionadh é. Laoch mór na Gaillimhe agus na Gaeil ba ea Purcell, ar Foireann an Chéad agus Foireann na Mílaoise; buaigh sé Craobh na hÉireann i 1956; cuireadh an "Terrible Twins" air agus ar a chara ón gcliabh, Frank Stockwell; agus, b'fhéidir níos tabhachtach ná na cinn sin, léirigh an scannán Peil na Terrible Twins chun scíleanna peile a theaspaint agus a choimead ar scannán. Tuigtear gur léirigh an scannan ar iománaíocht Christy Ring scíleanna iománaíochta a theaspaint, agus tuigtear as seo comh laidir atá Seán Purcell i Stár an Chumainn Lúchleas Gael.

Ach thug An Spailpín faoi deara cé gur rug Gaillimh agus Seán Purcell ar an gCraobh i 1956, theip orthu i gcoinne Corcaigh i 1957, i gcoinne Áth Cliath i 1958, agus i gcoinne Ciarraí i 1959. Bhí íar-imreoir Chiarraí ar an gclár ag moladh Purcell go mórmhór, ach bíonn an Ciarrach i gconaí go deas lena namhad fad atá an bua beirthe aige tar eis an cluiche. Ní chuimhin liom foireann Gaillimhe 1964-66 á moladh comh mhór ag an Ríocht, an foireann Gaillimhe a chur an Ríocht faoin bhfód. Is scéal eile é sin, gan dabht.

Feicim dhá rud tabhachtacht as seo. Is é an chéad rud ná, más mhaith leat clú agus cail ort mar pheiledeoir, ba cheart duit an Craobh a bhuaigh. Is cuma gur theip ar Gaillimh trí bhliana le cheile mar thog siad an Craobh i 1956, agus tá siad gan smál as sin amach, is cuma cé mheid craobh a theip orthu tar eis sin. Ach b'fhéidir go bhfuil an dara rud níos tabhachtach don anam an CLG, agus an lucht feachana freisin.

San lá atá inniu ann, feiceann an ceamara gach liathróid tithe, gach pointe caillte, gach seans imithe go deo. Agus bíonn siad go leor á phlé ag Michael Lyster agus na saineolaí ar an Sunday Game, agus insíonn daoine do Des Cahill ar an Luain comh uafásach atá an fear sin nó an fear seo. An mbeadh scéal Seán Purcell comh laidir i Stár an Chumainn Lúchleas Gael dá mbeach seans ag Pat Spillane a scian a chur air, agus na trí chluiche le cheile ina theip orthu? Agus an bhfuil sé níos fearr go bhfuil Purcell comh laidir mar atá sé, go bhfuil an scéal iontach seo againne ar beirt chara ón gcliabh a thog an bóthar ón Sráid an Easpaig mar paistí go dtí Craobh na hÉireann buaite acu mar fir, gan sáneolaí a insint dúinn go raibh an t-adh leo san gcluiche sin nó san gcluiche seo agus ní bhlian maith ab ea é ar an oiread?

Is gá dúinn ár laochra, agus ár scéalta múscalta. Uaireanta cailltear níos mó ná faightear nuair atá an iomarca eolais againn. Uaireanta, cosuil leis an fear ins an scannán, ba cheart duinn nach an scéal ach an fínscéal a chur síos.