Tuesday, March 22, 2005

Tórramh Tommy Carr ins an Ros

Beidh Tommy Carr tugtha don seipéal trathnóna amárach, sílim. Tá eis na mionnta fada agus an beirt cailiúl sin, rí-rá agus ruaille buaille, i gcumacht i bPeil an Ros, bhí Tommy bocht á selig ag slua daoine i gcroí na hÉireann, mar a chuireann siadsian orthu féin. Bheul, tá ceann Thomáis acu anois, ach an bhfuil na peileadóirí acu comh maith? Tuairim go dtaitneodh leo go maith dá gcuirfí John O'Mahony isteach mar bainisteoir, ach ar chur éinne an cheist ar Johnno féin? Is bréa le Johnno foireanna maithe a chur chun chinn, in ionad foireanna uafásacha a shabháil ón ndrabhlás. Ab fhéidir le Johnno stop a chur ar foireann Ros Comáin a mbabóga a chaitheamh amach ón gcliabh?

Ta cara an Spailpínigh ina bhainisteoir ar na buachaillí Fé 12 sa bhaile - b'fhéidir go mbeadh eisean níos fearr don Ros ná Johnno. Taitníonn é go maith leis na páistí, agus, nuair atá na paistí go maith, tugann sé uachtar reoite dóibh. Narbh bréa é sin do Laochra Ros?