Tuesday, July 19, 2005

Greim Daingean ar an nDingle

Léann An Spailpín Fánach ins an Irish Independent ar maidin nach dtaitníonn le chuid phobail An Dhaingin ainm an baile a athrú ón leagan Béarla, "Dingle," ar ais go dtí an leagan ceart Gaeilge, "An Daingean," nó, "An Daingean Uí Chuis."

Tá faitíos ar na daoine seo go gcaillfidh an baile gnó na gcuairteoirí a fhilleann chuig an nDaingean, agus go rachaidh na cuairteoirí a fhilleadh chucu thuas chuig an Chontae Mhaigh Eo, b'fheidir, agus go mbeidh na cuairteoirí sin á chrú ag siopadóirí agus lucht gnó Mhaigh Eo in ionad lucht gnó an Dhaingin. Tá faitíos orthu go ndéanfadh na cuairteoirí a théadh chuig an nDaingean dearmad orthu nuair a fheicfidís "An Daingean" in ionad "Dingle" ar a léarscáileanna, agus fillfidís thuas go Luimnigh nó, níos measa, thíos go Corcaigh.

Mar sín, cuirfear faoin votáil é, aimn an baile a leagan as Gaeilge nó as Béarla ar fhograí, léarscáileanna agus mar sin de. Agus tá sé sin ceart go leor - is daonlathaí é An Spailpín, agus tagann sé le toil na daoine. Ach is saigheas feallsúnóir é An Spailpín freisin, agus dar leis, ba cheart leis an rialtas rud tabhachtach amháin a cheangáil suas leis an votáil seo.

Tugann An Spailpín faoi deara go bhfuil An Daingean i Gaeltacht Chorca Dhuibhne, agus mar sin, tá roinnt deontais ag teacht ó airgead cánach an rialtas go dtí an Daingean chun an teanga a choimead beo i mbéal na daoine. Mura dtaitníonn leo ainm a áit dhuchais a leagan as Gaeilge, is léar nach dtaitníonn leo bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta ach an oiread. Mar sin, is ceart don rialtas stop a chur ar an abhann airgid atá ag teacht leo, agus é chur in áiteanna eile - na daoine a thug cabhair le Microsoft Windows XP a chur i nGaeilge, nó daoine eile a dhéanann sársaothar ar son an teanga nach bhfagann pioc tada as. Beifear í bhfad níos ceart ná í a chur chuig pobal míbhuíoch an "Dingle."