Tuesday, November 29, 2005

Ní a'Tí

An drochshaol i ndán do mná na hÉireann mar atá i ndán dóibh riamh. Faraoir! Faraoir!Bhí bhur Spailpín Fánach gafa idir an gol agus an gáire tar éis an sliocht seo a léamh ins an Irish Independent ar maidin inniú. Scríobhann Jacqueline Fitzgerald faoin léíriú ag an ESRI a fhoilsiú inne ag rá go ndéanann mná na hÉireann i bhfad níos mó obair bhaile ná mar a dhéanann fir na hÉireann. Cuirtear an t-amhrán "The Bogs of Mayo" in aigne an Spailpín nuair a léigh sé í, agus an amhránaí ag tabhairt aire dona deirfiuracha gan bac leis na fir ar chur ar bith:

"To the pub every evening mo dhuine does go
While I'm rocking the baby on the bogs of Mayo."


Tháinig brón mór ar an Spailpín nuair a chonaic sé go raibh drochscéal na mbán comh dona sa lá atá inniú ann ná mar a bhí sé ins na caogóidí. Lean sé ar aghaidh ar selig, chun níos mó a fhail amach faoin léiríu ESRI (Gender Research Unit) tubáiste seo.

Fuair sé na h-uimhreacha ins an Irish Times, i sliocht ag Frank McNally. Scríobhtar ansin go gcaitheann na mná cúig uair a chlog gach lá seachtaine ag ní a dtithe, i drochchomparáid leis na fir, a chaitheann uair agus leath. Ní aithríonn na h-uimhreacha seo ach beagán ar an ndeireadh seachtaine.

Spéisiúl go leor. Comh spéisiúl, ar ndóigh, gur thóg an Spailpín amach a áíreamhán agus bhuail sé cúpla chnaipe. Tuigim as seo go gcaitheann mná na hÉireann cúig uair is trocha ag ní a gcuid tí, ach is docha go bhfuil sé níos mó mar sin mar, cé nach ndéanann An Spailpín Fánach, mar is buachaill é, pioc tada níochán, déanann sé an chuid is mó den phioc tada sin ar an ndeireadh seachtaine. Ag feachaint ar an léiriú seo, caithteamar daichead uair a chlog in Éirinn ag ní ár gcuid tithe.

Cad atá ar siúl i dtithe na Éireann nuair is gá dúinn seachtain oibre, daichead uair a chlog, ag ní? An bhfuil na muca isteach againn ins na tintéain mar a bhíodar fadó? An bhfuil clabárchoraíocht ar siúl i dtithe na hÉireann um tráthnóna, in ionad an paidrín a rá mar a bhí fadó? Nó an bhfuil uimhreacha, léiriú agus gach aon rud eile ag baint le Gender Research Unit an ESRI ina phraiseach ceart?

Fagann bhur Spailpín Fánach le huacht nach bhfuil duine dá laghad, idir fir is mná, ag caitheamh cúig uair a chlog gach chuile lá ag ní a theach féin. Níl an t-am acu ar dtús - más gá duit taisteal chun obair thuas anseo i mBleá Cliath, agus tú amach ón leaba ag a sé agus abhaile arís ag a seacht tráthnóna, cá gheobaidh tú an t-am chun dul ag ní? Más féidir le éinne cúig uair a chlog gach lá ag ní a teach, b'fhéidir go seolfá a h-ainm chugam? Tá aithne agam ar cúpla ospideal ina bhfuil an galar MSRI ina rí ann - bá bhreá doibh 'sna h-oispidéail sin sármná níochána dul isteach agus an ruaig a chur chuig an galar uafásach sin.