Sunday, January 08, 2006

Cad a Dhéanfaimid Feasta gan Hubbard's?


Bhain An Spailpín Fánach a chéad triail riamh as an mótarbhealach nua seo, an M4, De Sáthairn seo caite. Tá an mótarbhealach go h-iontach, ghearr sé triocha nóimead ar a laghad ón dturas, agus cheannaigh mé mo dhola agus mo chroí ag seinnt port aereach. Ba cheart do thiomanaí aire a thabairt ar an luas - tar éis an mótarbhealach, bhí Toyota Corolla an Spailpín ag eitilt tríd an Iarmhí mar an Millennium Falcon a bhí ann, ach beidh cleachtadh agam ar sin ar feadh tamaill. Thugas treith bhrónach an mhótarbhealaigh seo faoi deara, afách. Agus scáth an mhótarbhealaigh caite uirthi, cad a tharlóidh maidir le Mother Hubbard's, an bhialann is clúdaí ar an mbealach suas go mBaile Átha Cliath?

Tá clú agus cáil ar an bhialann Mother Hubbard's toisc go gcuirtear muinín gnáthphobal na tuaithe inti nuair atá an bricfeasta ag taisteal uathu agus siadsan ag teacht thuas chuig chluiche, nó stéig is prátaí bruite ag taisteal uathu agus siadsan ar an mbealach abhaile. Má tá dínnear spéisialta agus oíche breá rómánsach uait, is docha gurbh cheart duit dearmad a dhéanamh ar Mother Hubbard's, ach nuair atá an ocrás ort agus tú i bhfád ón mbaile fós, sí Mother Hubbard's rogha agus togha duit.

B'iad múintir na tuaithe de gnáth a ithear i Mother Hubbard's. Tá ómós mór ag an Spailpín ar Sarah Carey, Banríon Mhór na mBlaganna Gaelacha, ach ní dóigh liom gur chuir sise ná a dream a bróg bhreá tríd an dtairseach riamh. Agus íse ina comharsan freisin, amach ansin i bhfásach na Mí. Níl ann i mbialann na bpobal ach na tuaithigh is tuithí ar a dturas isteach nó amach ó Bhleá Cliath, agus na h-Oithear Eoropaigh ag fréastail orthu ansin. Tá fios maith ag lucht na bialainne gurbh iad muintir na tuaithe, an gnáthphobal, a itheann ansin, agus mar sin, déantar rudaí dóibh agus ní dhéantar rudaí eile. Beidh clár an cluiche mór le ceannach agat i Mother Hubbard's oíche an cluiche mór, agus ní bhactar le painini lán le fhomhair an inneill bainte curtha suas chugat agus tú ag neath leis an ocras.

Bhí An Spailpín isteach i Mother Hubbard's maidin Dé Sathairn ar deireadh seachtaine saoire na mbanc eigin i rith an Samhradh seo caite, ag ithe a bhagún agus uibheacha agus ag coimead a ghnó féin, nuair a thugas faoi deara go raibh roinnt paistí tagtha isteach, agus a dtuismitheoirí leo. Buaileadh go tobann orm go raibh pictiuir soileir ar Éirinn sa 21ú hAois os comhar liom anseo ins an mbianann. Bhí teaghlacha óga ag dul síos abhaile ó mBÁC ar an deireadh seachtaine chun na paistí a thabairt síos chuig na seanthuismitheoirí. Thainig saigheas aisling orm ar an ndeireadh seachtaine a bhí ag fanacht orthu - an bealach fada i bhfad uathu, na paistí ag éirí dána i gcúl an ghluaisteain, an deifir a mbeadh orthu go leir, idir an triúr ghlúin, ag iarraidh gach rud a dhéanamh, Mamaí agus Daidí ag iarraidh tús luath a dhéanamh ar an Luan agus an seanphéir curtha amach, ag iarraidh orthu fanacht ar an ndinnéar, in aimn Dé, cén deifir atá orthu agus an lá fada uaibh?, an bealach fada ar áis agus an oíche, na paistí ina gcodladh suas staighre agus na tuismitheoirí ar an idirlíon agus ag déanamh bringlóidí ar saol bog nua amach ins an Astráil.

Ba í an "feed" i Mother Hubbard's an t-aon sos amháin a d'fhaigheadh na teaghlacha sin ar na deiridh seachtaine sin, ach anois tá sí ró-fhada ón mbóthar chun an cuairt a dhéanamh. Níorbh í Mother Hubbard's an bhialann is fearr a thugas cuairt uirthi riamh, ach ba í, ar feadh tamaill, an bhialann is Gaelaí. Go n-ithe d'ispíní ar bhord bhricfeasta an Pharthais, agus go raibh do thae té go deo.

, ,