Thursday, June 22, 2006

Tubaiste i nDán don gContae Mhaigh Eo?

Mac an Bhaoil, Laoch Mór Mhaigh EoTá an Spailpín Fánach buartha go leor sular imreofar an cluiche leath-cheannas Connachta Dé Domhnaigh seo chugainn idir Liatroim agus mo bhinnchontae Mhaigh Eo. Bím ag cur allais i rith mo chodladh. Tagann crith chois is láimh orm uaireanta nuair a smaoiním ar an gcluiche. Níos measa go leir, táim beagnach cinnte gur chualas an bhean sidhe oíche Dé Céadaoin, agus mise ag cur an bhrúscair amach.

Ní hí foireann Liamtroma amháin atá ag cur imní ar bhur scríobhnóir rialta, cé go bhfuil foireann Liatroma i bhfad níos maithe ná mar a thuigtear. Ní bhfuair Liatroim pioc áidh ins na blianta le deanaí - bhaineadar geit as an Mhí, Ros Comáin agus cúpla fhoireann eile ach níor chríochnaigh siad an obair. Insíonn siad sin don Spailpín go bhfuil drochlá ag fánacht ar fhoireann éigin i bPáirc Sheáin Mhic Diarmada, agus tá eagla mór orm go dtiocfaidh an drochlá sin ar Mhaigh Eo Dé Domhnaigh.

Ní chloistear scéal dochasach ó Mhaigh Eo le fada - chuaigh foireann Mhaigh Eo níos measa, in ionad níos fearr i rith an Sráith Náisiúnta, go dtí an lá uafasach i gCaisléan an Bharraigh, agus bhuail na Gaillimhí orainn mar a bhuaileann an casúr ar an dtairne. Fuaireamar amach an lá sin go raibh an séasúr bun ós cionn againne, nach bhféidir linn ár múinin a chur in imirt na Sráithe, agus go bhfuil an fhoireann fillte ar Chéarnóg a hAon arís. Tá éis imirt Ghéaróid Uí Bhrádaigh i gCil Áirne ag tús an Sráth síleadh go raibh rogha ag Mícheál Ó Móráin, bainisteoir Mhaigh Eo, idir an Brádach Óg agus Ciarán Mac Domhnaill, ach tuigtear anóis go mbeidh Mac an Bhaoil ag caitheamh Uimhir a hAon Déag arís i rith an tSamhraidh. Imreoir den scoth é Mac Domhnaill, ar ndóigh, ach ba ea seift - nó dóchas, b'fhéidir - Mhaigh Eo Mac Domhmaill a chur isteach mar lán-tosach, agus an dhá éan a mharú leis an t-aon chloch amháin. In ionadh sin, beidh an Máilleach isteach ar imeall na céarnóige. Tá súil ag an gcontae go leir go mbeidh scaoileadh an Mháilligh níos cruinne ná mar a bheadh sula seo - mura bhfuil, ní dhéantar pioc dífríochta, mar beidh é ar an dteilifís a bhfeicfidh lucht Mhaigh Eo Páirc an Chrocaigh.

Is é filleadh Daithí Uí Bhrádaigh arís ar fhoireann Mhaigh Eo an rud is tabhachtaí agus is dóchasaí a tharla i bpeil Mhaigh Eo le linn an Mhóránaigh, agus mar sin is tubaisteach an scéal go bhfuil sé gortaithe anois. Bhris an Brádach cnámh chois éigin agus tuigtear go dtosóidh Stíofánach eile, Pat Harte, i lár na pairce in eineacht leis an cispheileadóir ar an nDomhnach. Níl dabht ann, afách, gurbh iad an seanBhradach agus an cispheileadóir rogha na h-imreoirí i lár na páirce ag Maigh Eo faoi láthair - guíonn gach croí Mhaigh Eo go n-imreoidh siad le cheile i 2006, mar níl an Brádach ag éirí níos óige.

Maidir le cursaí cúlaithe, níl an Spailpín comh corraithe suas mar atá sé leis na tosaithe. Tá Daithí Ó hÉanaí ag teacht amach ó lánculaí faoi dheireadh, agus tá múinin ag an Spailpín ar an fear nua, Liam Ó Máille. Cé bhfuil sé beag, tá misneach neart laidir aige, agus sin a dhothain ag éinne. 'Siad foireann na thaobhlíne atá ag cur imní ar an Spailpín is mó, agus nuair a léigh do scríobhnóir ins an Mayo News go raibh tréanáil Mhaigh Eo dúnta don lucht iriseoireachta agus tacaíochta, bheul, ba drochthuar eile ar tuairsc an bainisteora. Tá fíos maith ag gach tacadóir Mhaigh Eo gurbh é Seán Ó Mathúna rogha Bhoird Mhaigh Eo mar bainisteoir, ach ní fhéidir leo an margadh a dhéanamh. Deirtear gurbh bainisteoir den scoth é Mícheál Ó Móráin, ach ní fhéidir liom tuiscint cén fáth. Cá bhfuil an fianaise? Cad a bhuaigh sé? Agus más fear glic é an Móránach, cén fath go bhfuil John Morrison aige mar sár-eolaí, fear nach ndéanann faic ach labhairt óna thóin?

Tá an Spailpín buartha go leor maidir leis an gcluiche seo. Cloisim an gúth sidhe uaigneach taibhseach sin arís ag seinnt ós comhar na fuinneoige, agus tá faitíos orm go mór go bhfuil Maigh Eo á chaoineadh ag na sidhe. Dia is Muire linn.

Technorati Tags: , , , ,