Sunday, September 30, 2007

Tuarimí Éagsula Bainisteorachta agus an Séú Geansaí is Fiche

Tá an ionchoinse ar cad a tharla foireann rugbaí na hÉireann i gCorn Domhanda na Rugbaí, agus conas a d'fhágadar na h-oilean mar an bhfoireann is fearr in Éirinn riamh, agus a d'fhilleadar ar ais mar caoirigh ina gclampar féin (maith thú, a Bhabs!), faoi lánsheoil arís. Agus mise féin i mo mhac leinn síceolaíochta an duine, tá spéis mór ag bhur Spailpín faoin mbearna mór a d'éirigh idir na h-imreoirí ar an gcéad XV agus na h-imreoirí ar an ndara XV - na realtaí agus na maoir uisce, más maith libh.

Dar le Eamon Ó Súilleabháin, oiliúnóir foirne na hÉireann, sin mar a bhfuil an saol - tá Drico níos fearr leatsa agus mar sin caithfidh tú fanacht ar an mbinse agus do ghobsa a dúnadh, agus a ndúnadh go daingean. Ach tá tuairimí eile ag bainisteoirí eile, agus tá Seán Ó Mathúna, TD, taobh thiar céann de na scéalta is ansa liomsa maidir le foirne, imreoirí ar imeall na foirne, agus síceolaíocht an duine féin.

Bhí Seán Ó Mathúna ceapta mar bhainisteoir na Gaillimhe le cúpla bhlian, agus meas mór air ar fud na tíre tar éis rugadh na Gaillimhí ar a gcéad Craobh le dhá bhlian is triocha i 1998. Ag an am seo, bhí geansaithe nua ag Gaillimh agus bhí na h-imreoirí go leir cruinnithe le cheile ag Johnno chun phictiúr nua na foirne a thógail agus iadsan gleasta go leor ina ngeansaithe bhreá nua. Ach nuair a tháinig na geansaithe nua, ní raibh ach cúig gheansaí is fiche ann - bhí ceann amháin dul amú.

Duirt an t-imreoir gan geansaí gan bhac leis, go mbeidh sé ceart go leor, gurbh fhéidir leis an griangrafadóir an geansaí nua a chur isteach leis an bhFótóshiopa, ach ní ghlacfadh Johnno le seo. Amach leis a ghuthán phoca, chuir sé glaoch ar an bhfear taobh thiar na ngeansaithe nua, agus thóg Johnno an cluas uaidh go dtí go mbeadh an séú geansaí is fiche aige. Choinneáil Johnno an painéal le cheile, gan le déanamh acu ach féachaint ar a mbrógaí agus a dtóna a scríob, go dtí gur tháinig an séú geansaí seo. Ach nuair a tháinig an gheansaí ar dheireadh agus a thógadh an phictiúr agus a sciop na h-imreoirí abhaile, bhí fios maith acu nach raibh duine acu níos tabhactaí ná duine eile i súile Sheáin Uí Mathúna.

Beidh sé suimiúl go leor, nuair a dtiocfaidh na dirbheatháisneisí amach, cad a tharla don nglúin órga - agus an glúin gheal a bhí acu chun deochanna a thabhairt don nglúin órga agus tart acu.

FOCAL SCÓR: Insíodh dúinn leis na miosa gurbh iad seo an fhoireann is réidhe riamh. Má bhíodh siad réidh, cé ar thug cead dóibh dul amach le brogaí donna ar a gcosa agus culaithe dubha ar a ndroma? Ní ghlacfeadh Glenda leo dá mbeadh sí ann fós, bail ó Dhia uirthi!





Technorati Tags: , , ,