Monday, December 15, 2008

Ceacht Brónach Foghlamtha ag Nua Eabhrac

Tá do scríobhnóir rialta ag scríobh i seomra feitheamh éigin in aerport JFK faoi láthair. Seo an saol sa chéad aois is fiche; na daoine agus a ríomhairí ar a nglúine acu, ar líne i gcónaí i ngach chuile áit.

Seo an dara chuairt riamh a thugas ar Nua Eabhrac, agus tá an domhan athraithe go deo ó laethanta an chéad cuairte, cé nach raibh sí ach trí bhliain déag uainn anois. I 1995, bhíos im' chónaí i gcathair Jersey, agus an traen á thógail isteach go dtí an Ionad Trádála Domhanda an am sin. Tá na túir imithe anois, agus toradh an lá úd a chailleadh iadsan beo laidir fós sa chathair.

Thugas cuairt ar an Empire State Building an chuairt seo, rud nár bhac leis roimhe seo - nuair nach mbíodh deoch le fáil ann níor bhacainn le tada an uair sin. An uair seo, tá cúrsaí slándála chomh dian seo bíonn siad cosuil leis an aerphort. Is cuimhin leis na Meircéanaigh go ghearr cad a tharla ar 9/11 agus bígí cinnte agus lánchinnte go bhfuil a gceacht fóghlamtha acu, agus foglamtha go maith.

Is é Times Square ceann de na h-aiteanna is cáiliúl sa chathair. Tá ionad thógáil ag an arm i gcroí-lár Times Square anois, ar thaobh an áit a cheannaítear ticéidí do na seóanna ar an mBealach Breá Bán, mar a chuirtear air. Os a chomhair tá dealbh in ónóir an tAthair Pronsias Ó Dufaigh, sagairt a sheasadh leis an "Fighting 69th" san arm i rith an Chéad Cogadh Domhanda. Tá cúrsaí mar a gcéanna i Times Square roimh an ionsaigh ar 9/11, na saibhir is daibhir lena chéile agus gach uile duine acu ar thóir a mbríonglóidí féin, ach tá blás níos dáiríre ann ag an am céanna. Tuigeann na Meiricéanaigh go bhfuil cogadh ar siúl, cogadh atá níos laidre ná an Iaráic amháin, agus cogadh nach mbeidh thart go deo na ndeor.

Chaith iriseoir éigin a bhróga chuig an Uachtarán Bush inne ins an Iaráic. An t-aon rud faoi a chuireann ionadh ar an Spailpín ná go bhfuil an iriseoir beo fós - shíleas go mbeidh pílear trína chloigín roimhe a bhuailfeadh an bróg an talamh arís. Bhí alt ag fear éigin sa Guardian ar maidin go mbeidh orthu dul isteach chuig crinniú iriseoireachta anois agus a gcosa nochta acu; ní thuigeann an fear sin go bhfuil cogadh ar siúl, ach tuigeann na Meircéanaigh.

Chuaigh an Spailpín isteach chuig Gypsy oíche Dé Sathairn - is é an seó cheoil ar Bhroadway ceann de na rudaí is fearr a thug na Meiriceánaigh don domhan. Is ceol dochais é ceol Broadway - "Everything's Coming Up Roses," mar a chastar i Gypsy. Tá an dochas ann fós i saol Meiriceá, ach tá fios acu anois go bhfuil namhaid ann, agus go bhfuil an saol soinneanta thart anois, gan filleadh ar áis go deo.





Technorati Tags: , ,