Friday, February 27, 2009

Cosc Curtha ar Seachtain na nGiobal i nGaillimh

Baineadh geit as do Spailpín Fánach oíche Dé Chéadaoin nuair a fógraíodh ar an nuacht go bhfuil cosc curtha ar Seachtain na nGiobal i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, as seo amach tar éis roinnt mac léinn gafa ag na Gardaí tar éis a ndrochiompar thall is abhus na cathrach.

Bhog roinnt mothúchán i gcúl mo chloigín agus mise ag breathnú ar an nuacht siar. Bhí lámh agam féin i Seachtain na nGiobal agus mise im' mhac léinn i nGaillimh ins na nóchaidí. An bhfuil an saol athraithe chomh mór sin go bhfuil gá ar na Gardaí féachaint ar Seachtain na nGiobal, nó an mbíonn an saol go geal i gcónaí nuair a mbreathnaíomar siar air?

Tá tuairisc ins an Galway Advertiser an deireadh seachtaine seo maidir le tuairimí na hOllscoile, ach níl mórán cur síos ar an ndrochiompar a rinneadh sa chéad áit. Síltear i gcónaí go bhfuil na h-óige i bhfad níos fiáine ná mar a bhímis féin, ach nílim ró-chinnte go bhfuil sé sin fíor.

Chuaigh an Spailpín ar ais go Gaillimh Lá 'le Phádraig i 2002. Bhíosa bréan de Bleá Cliath, agus ar thóir sosa ón bpríomhchathair. Ach ba léir go raibh bearna mór idir Gaillimh mo chuimhne agus Gaillimh mar a bhí. Bhíos ar thóir faoisimh éigin, agus in ionad sin bhí gach uile duine ar na sráideanna as a meabhair leis an ól - agus seo ag a trí nó ceathair a chlog. Thógas téacsaí ar ais chuig mo ghluaisteán chun m'éalú a dhéanamh, agus d'inis mé don tiománaí go raibh na daoine go dona ar an drabhlás.

"Tá," ar seisean, "ach nílid chomh dona mar a bhíodh. Tús na nóchaidí anois, ba í sin aimsir an óil sa chathair seo."

Bhíos ag smaoineamh ar fad an turais abhaile.

Insíonn cairde atá ina gcónaí cois Coiribe fós go bhfuil drochiompar na mic léinn chomh dona mar a deirtear, agus is cóir is ceart coisc a chur orthu. Agus is dócha go bhfuil an ceart acu. Ach is chuimhin liom go maith na laethanta úd, agus cúig bus dhéag ar a mbealach chomh fada leis An Teach Dóite ar son an "Bogman's Ball."

Chaith daoine ar Choiste na Seachtaine na nGiobal an oíche ag tógáil mic léinn isteach ón mbáisteach, agus iadsan gan aithne fágtha acu leis an ól. Is cuimhin liom buachaill amháin a thug cabhair dom doras leithris a bhriseadh isteach chun duine a thógáil slán. Cad a tharla di? Cad a tharla dúinn go léir?

Bhí laethanta meala againne freisin, nílim ag rá nach raibh. Bhuaigh cara dílis domsa Turas na dTithe Tábhairní bliain amháin, agus eisean gléasta go bródúil le dathanna Mhaigh Eo. Is cuimhin liom na buachaillí ar thóg an sínteán leis, agus eisean trom go leor. Córas Iompar Shéamuis, más maith leat. Bhí an saol go binn blasta gan amhras - ach dá rachainn siar trasna na blianta chun casadh liom féin le linn m'óige, agus mise go dian ar an drabhlás, cad a shílfinn fúm féin?





Technorati Tags: , , ,