Saturday, December 12, 2009

Ciarán Mac Mathúna. RIP.

Táid go léir ag imeacht uainn anois. Ní raibh Liam Clancy féin fuar faoin bhfód nuair a tháinig an scéal inné go raibh Ciarán Mac Mathúna, fear mór eile an cheoil, tar éis aghaidh a thabhairt ar shlí na fírinne. Go dtuga Dia grást orthu go léir - tá dream mór acusan Aige anois.

Bhí saol i ndá chuid ag Ciarán Mac Mathúna, Luimneach a thosaigh a obair in oidhreacht na hÉireann ar dtús i saothar logainmneacha. Ach le linn na caogaidí agus na seascaidí, chuaigh sé níos mó isteach ag bailiú cheoil na hÉireann, an seod sin a bhí curtha i bhfolach agus i gcré ag daoine a bhíodh náire orthu ar a gcultúr féin. Tá na Gaeil faoi ghéillsine leis na baileathóirí cheoil, dá chuid Mac Mathúna nó Séamus Ennis nó Tom Munnelly agus roinnt eile acu. Mura raibh siad ann, cad a mbeadh againne anois ach Jedward damnaithe?

Ach is mar chraoltóir a mhairfidh cáil Mhic Mhathúna. Chaith sé leathchéad bliain ag craoladh ar RTÉ, ó Feiseanna agus Fleadhanna ar dtús, agus ar a chlár cneasta, saibhir le amhránaíocht, scéalaíocht is filíocht na nGael, Mo Cheol Thú. Craoladh an clár go moch maidin Dé Domhnaigh, agus an náisiún á dhúisigh. Bhí an guth ceart ag an Mathúnach don uair sin - bog, íseal go leor, guth a rinne an cheangal idir an saol inniu agus an saol fadó. Guth na ndúiseodh duine roimh am.

Is cuimhin liom féin maidin Nollag amháin, agus do Spailpín ina chónaí fós i Maigh Eo beannaithe. Dhúisigh mé go moch, tinn, beagán, is dócha, ón ól an oíche roimhe sin. Nollaig ar an nDomhnach a bhí ann, agus Mac Mathúna ag cur a cheol chugainn. Chraol sé sean-taifead ar a chlár féin, agus Ben Kiely agus duine eile isteach mar aíonna aige.

Bhíodar triúr ag caint ar an seansaol, agus na sean-amhráin nach gcastar sa lá 'tá inniu ann. Go tobann, leann Kiely isteach ar cheann acu, The Old Bog Road, agus leann an Mathúnach agus an t-aoi eile leis. Go lá deireadh an tsaoil, is mar sin a chuimhneoidh mé ar Chiarán Mac Mathúna, eisean féin ag canadh cé nárbh amhránaí é. Tógadh ar an dtonn é, agus an draíocht leosan sa stiúideo an maidin Nollag úd. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal, fear mór na nGael.

And life's a pretty puzzle, past finding out by man
I take the day for what it's worth and I do the best I can
Since no-one cares a rush for me, what needs have I to mourn?
I take my pay, I go my way, and I smoke my pipe alone.
Each human heart must know its grief, though little be its load
And God be with you Ireland and the old bog road.






Technorati Tags: , , , , , ,