Monday, January 18, 2010

Lámhscríbhneoireacht

Tá an Spailpín Fánach ag filleadh ar ais chun a laethanta scoile. Beag nó mór.

Bhíodh imní orm le fada maidir le mo lámhscríbhneoireacht. I rith laethanta scoile, bhí sí garbh go leor, ach d'éireoinn, ag deireadh lae. Ach fiche bliain níos déanaí, tá an bua beagnach caillte agam. Is féidir liom m'ainm a scríobh go réasúnta maith ach, nuair atá orm nótaí oibre a scríobh, caithim na nótaí a chur i gcló an lá céanna. Mar ní fhéidir liom na nótaí a léamh an lá ina dhiaidh. Nó más fhéidir, bheadh sé deacair go leor.

Agus táim tinn tuirseach leis an scéal. Bím in éad mo chairde le sár-lámhscríbhneoireacht. Bíonn sé thar barr dom nuair a ghlacaim litir scríofa go hálainn maidir leis an lámh, chomh maith leis an gceann agus gcroí.

Agus bíonn náire orm nuair a scríobhaim chuig mo chairde, agus fios maith agam chomh deacair a bheadh orthu na h-iairiglifí a dhéanamh amach. Mar sin, shocraigh mé go n-athróinn.

Rinne mé m'obair bhaile, agus d'fhoghlaim gurb é an rud is tábhachtaí maidir le lámhscríbhneoireachta ná an teicníc. An rud is mó a mbíonn taobh thiar droch-lámhscríbhneoireacht ná easpa teicníce. Mar galfaire ag tiomáint, caithfear an rud céanna a dhéanamh gach uile uair a thógtar club (nó peann, sa gcás seo) i lámh. Nuair atá an teicníc ar gach thaobh na sráide, leanfaidh an scríbhneoireacht ar gach thaobh na sráide ar a thóir.

Conas a n-athrófar an drochbhéas? Caithfear an lámhscríbhneoireacht a bhriseadh agus a dhéanamh suas arís. Mar sin, chuaigh mé chomh fada leis na siopaí agus cheannaigh roinnt cóipleabhar agus peann luaidhe istigh. Abhaile liom, agus déanaim iarracht cúig nóiméad déag sa tráthnóna a chaitheamh ag scríobh, gach tráthnóna. Tosaím ag scríobh ciorcal. Ansin, scríobhaim lúba, ansin an aibítir agus ansin, leanfaidh mé isteach ar dán éigin, idir Béarla agus Gaeilge, mar atá an fonn liom, agus déanaim mo dhícheall leis.

An bhfuilim ag feabhsú? Mo léan, ach cé gur mhaith liom na cúig nóiméad déag a chaitheamh, ní chaithim gach uile tráthnóna. Ach leanfaidh mé leis. Ba trua go mór dá gcaillfinn an lámhscríbhneoireacht go deo agus má tá sí caillte, conas a múinfidh mé an sean-Ghréigis dom féin, agus a h-aibítir féin aici? Caithfear súil a choinneáil ar an bpictiúr mór freisin, meas tú.





Technorati Tags: , ,