Tuesday, February 28, 2012

Tábhacht an 10 mar Bhall Foirne Rugbaí

Tugadh ceacht eile dúinn an deireadh seachtaine seo caite ar thábhacht an leath-chúlaí amuigh mar bhall foirne rugbaí. Theip ar an Iodáil ó thaobh laige a ndeich, agus ba bheag nár éirigh leis na Sasanaigh nuair a d'imir Owen Farrell i bhfad níos fearr ná mar a shílfeá ab fhéidir leis.

Scríobh scríbhneoir na Breataine Bige tráth go raibh an leath-chúlaí amuigh cosuil le snáthaid mhór ar inneoin sriosta. Is álainn an shamhail í, mar taispeantar go cruinn bua agus baol saothair an leath-chúlaí amuigh. Tá an imirt go léir faoina chumhacht; cosuil leis an Pápa, tá scaoileadh agus chur le cheile aige.

Ach, mar atá an tOllamh Richard Dawkins ag fanacht ar a Naofacht, tá tosaithe na freasúra ag fanacht i gcónaí ar an leath-chúlaí amuigh. Más féidir leis na buachaillí mhóra dul isteach ar an leath-chúlaí amuigh, ina chorp nó, b'fhéidir níos measa arís, ina intinn, beidh a rás rite agus an lá cailte.

Ba léir an dhá thaobh Dé Sathairn i mBleá Cliath agus i Londain. Scríosadh Tobais Botes na hIodáile agus a fhoireann ina dhiaidh, ach d'éirigh Owen Farrell ina fhear in aghaidh an fhoireann is fearr go dtí seo sa gComórtas.

Tá an leath-chúlaí amuigh ina cheannaire foirne ar an bpáirc. Tá an dualgas céanna air mar atá ar an ceathrú-chúlaí sa bpeil Mhéiriceánach. Is féidir leat éirigh nuair nach bhfuil ach leath-chúlaí ceart go leor agat, ach má tá droch-cheann agat tá deireadh leat.

Nuair a thógadh an Iodáil isteach sa gComórtas Cúig Náisiún, mar a bhíodh, bhídís níos fearr ná mar a bhíonn siad anois. Bhíodh Diego Dominguez, imreoir den scoth, acusan ag an am ach, ag breathnú siar, b'fhéidir gur chuir Dominguez cuma bréagach ar chaighdeán rugbaí na hIodáile. Argintíneach ina chónaí san Iodáil ab ea Dominguez agus, nuair a d'éirigh sé ón imirt, bhí an rogha gann go leor ina dhiaidh.

Is deacair gan trua a bheith agat ar Sergio Parisse, fear atá maith go leor le aon foireann sa domhan, ach atá ina aonar ar fhoireann na hIodáile. Cuireann sé Simon Geoghegan in aigne domsa, seoid amháin i measc ceithre ghabhar déag.

Tá daoine ar an tuairim go seasfaidh an bua i gcoinne na hIodáile leis na Gaeil agus iadsan fillte go bPáras an deireadh seachtaine seo. Is soineanta an tuairim sin. Tá an difríocht idir an Iodáil agus an Fhrainc chomh mór leis an difríocht idir Scarlett agus Ingemar Johansson.

Níor imir na Gaeil go maith go dtí an dara leadh Dé Sáthairn, agus croíthe na hIodálach cráite le drochimirt Botes. Roimhe sin, bhí a ndótháin ag na Gaeil leannuint leis na hIodálaigh agus a dtosaithe den scoth. Dá mbeadh na Gaeil chomh mall chun tosú arís, beidh an cluiche thart roimhe scaipeadh na h-óráistí leath-ama, agus níl an cuma céanna ar an gcuairt go Twickenham Lá 'le Phádraig mar bhíodh roimh an Satharn seo caite.